Letra de
Mná Na Héireann

verse 1
Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh
Is mo sháith le n-ól
Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe
Mo ráfla ceoil ná seinm théad
Atá bean in éirinn is níorbh fhearr léi beo
Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód
verse 2
Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom
Mur' bhfaighfinn ach póg
Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala,
Is mo dháimh féin leo, tá bean ab fhearr liom
Nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo
Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla,
Dubhghránna cróin
Violin Break
verse 3
Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi
Is tá bean 'na léine is fearr a méin
Ná na táinte bó le bean a bhuairfeadh
Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain,
Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól