Letra de
Fear A Bhata

Théid mé suas ar an chnoc is airde
Féach a bhfeic mé an fear a’bháta
An dtig tú anocht nó an dtig tú amárach?
Nó muna dtig tú idir is trua atá mé

‘Fhir a’ bháta ‘s ná hóró eile
‘Fhir a’ bháta ‘s ná hóró eile
A fhir a bháta ‘s ná hóró eile
Céad mile fáilte gach áit a dté tú

Tá mo chroíse briste brúite
Is tric na deora ó mo shúile
An dtig tú inniu nó an mbeidh mé súil leat?
Nó an driud mé an doras le hosna tuirseach?

‘Fhir a’ bháta ‘s ná hóró eile
‘Fhir a’ bháta ‘s ná hóró eile
A fhir a bháta ‘s ná hóró eile
Céad mile fáilte gach áit a dté tú

Gheall mo leanann domh gúna den tsíoda
Gheall é sin agus breacán riabhach
Fáinne óir anns’ a bhfeicfinn íomhá
Ach is eagal liom go ndearn’ sé dearmad

‘Fhir a’ bháta ‘s ná hóró eile
‘Fhir a’ bháta ‘s ná hóró eile
A fhir a bháta ‘s ná hóró eile
Céad mile fáilte gach áit a dté tú

Tá mo chroíse ag dul in airde
Chan don fhidléir, chan don chláirseoir
Ach do stiúrthóir an bháta
Nó muna dtig tú abhaile is trua atá mé

‘Fhir a’ bháta ‘s ná hóró eile
‘Fhir a’ bháta ‘s ná hóró eile
A fhir a bháta ‘s ná hóró eile
Céad mile fáilte gach áit a dté tú